Baineann an plean seo le hOileán Chléire. Tá Cléire suite san Atlantach amach ó chósta thiar Chorcaí, tuairim is 8 km amach ó Dhún na Séad agus thart ar 100 míle ó Chathair Chorcaí. Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga. Roghnaíodh Comharchumann Chléire Teoranta mar cheanneagraíocht chun Plean Teanga Chléire a ullmhú, mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin idir an pobal, Údarás ma Gaeltachta agus Comharchumann Chléire Teo. Tugadh deis do mhuintir Chléire staidéar a dhéanamh ar staid na Gaeilge ina gceantar féin.
Tá súil ag MEITHEAL Phlean Teanga Chléire go dtabharfaidh an plean seo deiseanna dúinn an Ghaeilge a cheiliúradh agus go mbeimis ábalta an teanga a chóiméad mar chuid lárnach de shaol an oileáin.
Táimid ag súil go bhfuil na hacmhainní againn anois, le taobhaíocht Phlean Teanga Chléire, chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh, gnóthaí, seirbhísí, cúrsaí cumarsáide agus oideachas ar Oileán Chléire leanúint orthu, forbairt a dhéanamh, cur leo féin, nó fiú tosnú amach ón mbonn.
Gan amhras, tá an meitheal fíor-bhuíoch de thacaíocht Mhuintir Chléire!
Chun tuilleadh eolais a lorg, is féidir dul i dteagmháil leis an Oifigeach Pleanála Teanga am ar bith.
Ruairí Ó Donnabháin Oifigeach Pleanála Teanga
“Tá an Ghaeilge mar tine a bheadh éagtha ach go bhfanfadh sméaróid éigin ar fuid na luaithe ar an dtintéan. Pén duine a mhairfeadh leis, go n-adófaí an tine arís agus go dtosnódh sí ar adhaintiú i ndiadh ar ndiadh go mbeidh sí ina lán fuinnimh comh lasmhar agus a bhí.”